Tá iomrall aimsire san abairt seo thíos:

Gach maidin, timpeall leathuair tar éis a naoi, shiúlfadh sé go stáisiún Phort Mearnóg.

Tugann an aimsir choinníollach (shiúlfadh) le fios go ndéanfadh sé an turas de shiúl na gcos ach go raibh bac éigin air. Is í an aimsir ghnáthchaite a theastaíonn chun a chur in iúl gur siúlóid laethúil a bhí ann:

Gach maidin, timpeall leathuair tar éis a naoi, shiúladh sé go stáisiún Phort Mearnóg.

Níl difear fuaime idir shiúlfadh agus shiúladh ach bíonn difríochtaí suntasacha idir an dá aimsir i gcás briathra áirithe: 

  • Nuair a bhí mé ag obair i gCearnóg Mhuirfean, rachainn ann go minic.
  • Is é a déarfadh an paidrín os cionn achan duine thart san áit seo uilig.

Is mar seo ba cheart na habairtí sin a athscríobh:

  • Nuair a bhí mé ag obair i gCearnóg Mhuirfean, théinn ann go minic.
  • Is é a deireadh an paidrín os cionn achan duine thart san áit seo uilig.

Tá cuid d'fhoirmeacha na haimsire gnáthchaite ag dul ar gcúl sa Ghaeilge labhartha, agus tá foirmeacha an mhodha choinníollaigh ag teacht ina n-áit sa chaint. Níor tugadh aitheantas don nós sin sa CO, áfach.

Roinn an Post seo: