Níl foirm faoi leith ag an bhriathar Béarla san aimsir ghnáthchaite:

  1. I learned that song a long time ago. / D'fhoghlaim mé an t-amhrán sin i bhfad ó shin.
  2. Back then, children learned their lessons by heart. / San am sin, d'fhoghlaimíodh páistí a gcuid ceachtanna de ghlanmheabhair.

Is í an fhoirm ghnáthchaite den bhriathar a theastaíonn sna habairtí Gaeilge seo thíos:

  • An Bhreatain a cheannaigh formhór mór earraí easpórtála na hÉireann, fiú i ndiaidh bhunú Shaorstát Éireann. 
  • Thug sé faoi deara go raibh an bhásmhaireacht ghinearálta níos airde i measc staonairí ó alcól ná mar a bhí ina measc siúd a d'ól méid measartha anois is arís.

Mar seo ba cheart na habairtí sin a athscríobh:

  • An Bhreatain a cheannaíodh formhór mór earraí easpórtála na hÉireann, fiú i ndiaidh bhunú Shaorstát Éireann. 
  • Thug sé faoi deara go raibh an bhásmhaireacht ghinearálta níos airde i measc staonairí ó alcól ná mar a bhí ina measc siúd a d'óladh méid measartha anois is arís.
Roinn an Post seo: