Ní hannamh a thugtar lárionad ealaíon, lárionad pobail etc. ar ionaid idir bheag agus mhór. B'fhearr ionad ealaíon, ionad pobail etc. a thabhairt ar a leithéid.

Is cruinne lárionad a úsáid chun trácht ar cheanncheathrú nó ar oifig láir ina ndéantar gnó brainsí eile a chomhordú, mar shampla an Lárionad Náisiúnta do Theicneolaíocht san Oideachas, a dhéanann comhordú ar scéimeanna teicneolaíochta i scoileanna ar fud na tíre.

Roinn an Post seo: