Corruair, déanann eagarthóirí an focal is a scriosadh agus an focal agus a chur ina áit, ar an mhíthuiscint nach bhfuil in is ach leagan malartach den fhocal agus. Ní hamhlaidh atá. Féach an iontráil is (3) in FGB.

Is fíor go seachnaítear is san aistriúchán oifigiúil, toisc gurb ionann litriú dó agus don chopail is; rud a d’fhéadfadh a bheith ina údar débhríochta.

Roinn an Post seo: