Nuair a úsáidtear lán mar ainmfhocal, agus nuair a bhíonn ainmfhocal sa tuiseal ginideach ag teacht ina dhiaidh, is é an rud a bhíonn i gceist ná full a full complement of. Féach, mar shampla, lán seomra (oiread agus a líonfadh seomra), lán doirn (an méid a choinneofá i do dhorn).

Níl mórán céille, áfach, le lán tairbhe. Is mar réimír i gcomhfhocal a úsáidtear lán sa chomhthéacs sin: lántairbhe, lándáiríre, lándícheall.

Roinn an Post seo: