le agus chun chomh ceart agus chomh caighdeánach lena chéile sa dá shampla seo:

  • Chuir mé glaoch ar Shíle chun an scéal a insint di.
  • Chuir mé glaoch ar Shíle leis an scéal a insint di.

Is fíor, áfach go mbíonn chun níos soiléire ar uairibh, i gcás go mbeadh an chuma ar le gur gnáth-réamhfhocal atá ann, mar shampla:

Cuireadh an t-aguisín seo leis an Tuarascáil Bhliantúil leis na cinntí a bhaineann le caiteachas a éascú.

Is fusa don léitheoir an abairt leasuithe seo a thuiscint ar an chéad léamh:

Cuireadh an t-aguisín seo leis an Tuarascáil Bhliantúil chun na cinntí a bhaineann le caiteachas a éascú.

Roinn an Post seo: