Ní hionann ar fad lean na Gaeilge agus follow an Bhéarla, mar is léir ó na habairtí lochtacha seo thíos: 

  • Lean mé comhairle m’athar. 
  • Seans maith nach féidir le roinnt acu siúd comhrá Gaeilge a leanstan. 

Mar seo a chuirtear na smaointe sin in iúl sa Ghaeilge:

  • Ghlac mé comhairle m’athar nó Rinne mé de réir chomhairle m’athar.
  • Seans maith nach féidir le roinnt acu siúd comhrá Gaeilge a thuiscint/brí a bhaint as comhrá Gaeilge. 
Roinn an Post seo: