Nuair a úsáidtear leath mar ainmfhocal, is gnách an t-ainmfhocal atá faoi réir aige a chur sa tuiseal ginideach:

  • Tá leath na tíre ag caint air.
  • Ní thuigim í, leath an ama.
  • Caitheadh leath an airgid ar chíos agus ar thuarastal.

Is deise go mór é sin ná leath den tír, leath den am leath den airgead.

Ach úsáidtear de má tá leath cáilithe ar shlí éigin:

  • Le linn an chéad leath den chluiche.
  • Níl agat ach leath amháin den scéal.
  • Sa leath thoir thuaidh den Eoraip.

 

Roinn an Post seo: