Is cabhair don scríbhneoir Gaeilge cuimhneamh ar an difríocht idir leithéid agus (a) leithéid de, atá cosúil le such as agus such sa Bhéarla. 

  • Is iomaí cumadóir mór, leithéidí Mozart agus Beethoven, a chaith seal sa chathair. (Many great composers, such as Mozart and Beethoven, spent time in the city.)
  • Ar chuala tú a leithéid de raiméis riamh? (Did you ever hear such rubbish?)

Rómhinic a bhíonn meascán den dá rud ann, in abairtí lochtacha mar cumadóirí móra, leithéidí de Mozart agus Beethoven.

 

Roinn an Post seo: