Is fíor gur féidir méid a úsáid chun tagairt do líon daoine nó do líon rudaí. Tá samplaí mar an méid fear atá aige agus an méid sin fear tugtha in FGB. Ní mór a bheith airdeallach, áfach, gan abairt dhébhríoch mar seo a scríobh:

Tá dúblú tagtha ar mhéid na ndaoine atá i riaráistí morgáiste 90 lá nó níos mó. 

Is ionann é sin agus a rá go bhfuil gach duine díobh siúd atá i riaráistí dhá oiread níos mó ná mar a bhí cheana. Is é líon na ndaoine atá i ndiaidh dúbailt.

B’fhéidir go gcuideodh líon le scríbhneoirí teacht slán ar fhriotal débhríoch, athráiteach mar seo: 

Cé go bhfuil ceann de rátaí deonta orgán is airde timpeall na cruinne againn in Éirinn, tá méid na ndaoine ar an liosta feithimh ag síormhéadú.

B'fhearr go mór a rá go bhfuil líon na ndaoine ar an liosta feithimh ag síormhéadú.

Roinn an Post seo: