Bíonn an dá fhocal seo go mór in aimhréidh i dtéacsanna Gaeilge.

  • Tá na prefabs lofa (go liteartha, nílim á rá mar nath cainte) agus tá francaigh iontu.
  • Tá gach seans ann gur féidir le Bród Club an teanga a chur ar ais i mbéal an phobail –go liteartha.

Is cosúil gur literally a bhí i gceist ag na daoine a scríobh na habairtí sin. Ach roghnaigh siad focal a chiallaíonn bainteach le cúrsaí litríochta. Is dócha gurb é litriúil an focal a bhí uathu ach tá leaganacha eile sa Ghaeilge is oiriúnaí ná sin. 

  • Ní áibhéil dom a rá go bhfuil na prefabs...
  • Tá gach seans ann gur féidir le Bród Club an teanga a chur ar ais i mbéal an phobail –sa chiall is cruinne den fhocal.

Bíonn daoine ag gearán, corruair, faoin aistriúchán liteartha a dhéantar ó Bhéarla go Gaeilge. Más aistriúchán focal ar fhocal atá i gceist acu, b’fhearr dóibh aistriúchán litriúil a rá.

Roinn an Post seo: