Bítear ag beachtú litriú logainmneacha Gaeilge de réir mar a thagann eolas nua chun solais. Fágann sin go gcaithfear a bheith amhrasach faoi sheanfhoinsí eolais mar EID, ina bhfaightear iontrálacha mar Enniscorthy/Inis Coirthe. Is fearr go mór foinsí comhaimseartha mar logainm.ie, áit a dtugtar Inis Córthaidh.

Is iomaí seanriail ghramadaí atá ‘reoite’ sna logainmneacha.

  • Is minic a ghlacann an tabharthach ionad an ghinidigh, mar shampla crois in ionad crostulaigh in ionad tulach.
  • Tá iarsmaí den sean-neodrach le brath ar ainmneacha mar Loch nEathach agus Sliabh gCua.
  • Is é an litriú ceart Gaeilge ar BallinamoreBéal an Átha Móir, rud a chuirfeadh ionadh ar dhaoine, b’fhéidir. Seans go mbeifí ag súil le séimhiú ar an aidiacht mór ar aon dul le chun an chuain mhóirceantar an Bhóthair Bhuí. Ach bhí uair ann nár ghnách séimhiú a chur ar an aidiacht i ndiaidh ainmfhocail a chríochnaíonn i nguta. Iarsma den tseanriail sin is ea Béal an Átha Móir.

Le scéal fada a dhéanamh gairid, ná déan deimhin den dóigh i gcás logainmneacha.

Roinn an Post seo: