Is mar aon fhocal amháin ba ghnách a lán logainmneacha a scríobh sular caighdeánaíodh litriú na Gaeilge, mar shampla Leitirceanann, Portláirge. Mar dhá fhocal a scríobhtar inniu iad: Leitir Ceanainn, Port Láirge.

I gcás go bhfuil níos mó ná mír amháin sa logainm, caithfear a dheimhniú cé acu foirm tháite nó foirm scartha atá sa leagan údarásach. Is fearr an cuardach sin a dhéanamh ar www.logainm.ie seachas ar fhoinsí eile ar líne.

Ní miste dhá phointe a lua mar threoir ghinearálta:

  1. Is gnách an fhoirm tháite a úsáid nuair is aidiacht atá i mír amháin: Fionnradharc (seachas Fionn Radharc).
  2. Is gnách an fhoirm scartha a úsáid nuair is ainmfhocal atá i ngach mír den logainm: Ros Muc (seachas Rosmuc).
Roinn an Post seo: