Is minic a chuirtear leasainmneacha mar eireaball fileata le logainmneacha. Bíonn pobail bródúil as na hainmneacha seo, cé nach cuid den logainm stairiúil iad.

Níltear ag maíomh, ar ndóigh, go bhfuil na leaganacha traidisiúnta seo ‘mícheart’ ná gur cheart iad a chosc. Níl ann ach gur chóir a bheith spárálach leo nuair a bhíonn na bailte sin faoi thrácht i ngnóthaí oifigiúla.

Ainm Béarla

Ainm oifigiúil Gaeilge

Leasainm 

Bray (Cill Mhantáin)

Bré

Brí gCualainn

Rush (Baile Átha Cliath)

An Ros

Ros Eo

Ring (Port Láirge)

An Rinn

Rinn Ó gCuanach

Newry (An Dún)

An tIúr

Iúr Cinn Trá

Nenagh (Tiobraid Árann)

An tAonach

Aonach Urmhumhan

Maghera (Doire)

Machaire Rátha

Machaire Rátha Lúraigh

Dingle (Ciarraí)

An Daingean

Daingean Uí Chúis(e)

 

 

Roinn an Post seo: