Tá claonadh sa Bhéarla, nuair a luaitear oileán nó sliabh faoi leith, focail mar islandmount a chur leis an ainm, mar shampla Tory Island, Mount Errigal. Ní i gcónaí a oireann an nós sin don Ghaeilge. I dToraigh, an Eargail is mó a deirtear seachas In oileán ThoraighSliabh an Eargail. Tá iarracht láidir den athluaiteachas ar a leithéid mura bhfuil an ghné gheografach ina cuid dhílis den ainm Gaeilge, mar atá i gcás Sliabh BladhmaInis Meáin. Is minic a bhíonn toradh an-ait ar an úsáid seo, mar shampla turas go hOileán Inis Bó Finne.

Is cabhair don léitheoir, áfach, an ghné gheografach a lua i gcás logainmneacha iasachta.  A leithéid seo: I was standing on the bank of the Goltva. Níor mhiste sin a aistriú le Bhí mé i mo sheasamh ar bhruach Abhainn an Goltva, chun go mbeidh a fhios ag an léitheoir gur abhainn atá ann.

Roinn an Post seo: