Ní hionann lonnaithe agus suite. Déantar fostaithe, saighdiúirí etc. a lonnú in áit faoi leith. Má chuireann daoine fúthu in áit ar leith, ní miste a rá go bhfuil siad lonnaithe ann. Ach bheifeá in amhras faoi abairt mar seo thíos:

Scéinséir comhaimseartha atá lonnaithe i saol phobail an bháid tarrthála amach ó chósta Chonamara

B'fhearr go mór a rá gur i gConamara atá an scéal suite. 

Roinn an Post seo: