Ná cuirtear aidiacht le lucht. Is é an gnáthstruchtúr a bhíonn ann ná lucht + ainmfhocal sa ghinideach.

  • Dá mbeadh lucht polaitiúil na hÉireann chomh tapa ag úsáid na Gaeilge bheimis i bhfad ní b’fhearr as. 
  • Uair amháin eile tá an Rialtas tar éis buiséid a thabhairt isteach a thugann buntáistí don lucht saibhir. 

 Is é atá i gceist ansin ná lucht na polaitíochta agus lucht an tsaibhris

Ní mór dealú idir lucht agus focail mar pobal, muintir, bunadh.

  • Cluinim lucht Bhéal Feirste ag gearán go minic fá na ‘Culchies’.
  • Bhí gréasán cumarsáide deas idir lucht na hÉireann ar fad agus cabhraíonn sé seo go mór le tacaíocht a chinntiú sa todhchaí. 

B'fhearr go mór muintirbunadh Bhéal Feirste agus na hÉireannaigh a chur in áit lucht sa dá abairt sin.

Ní miste a mheabhrú, mar riail ghinearálta, gurb é atá i gceist le lucht ná aicme áirithe nó cineál faoi leith daoine. Le linn do chluiche a bheith á imirt, bíonn idir lucht imeartha agus lucht féachana i gceist, gach dream is a ngnó féin acu. Ní miste a bheith ag caint ar lucht cathrach nó is dream ar leith iadsan seachas lucht tuaithe.

Ní fhéadfadh focal chomh leathan le pobal a úsáid in aon chás díobh gan an chiall a athrú. B’ionann pobal tuaithe agus rural community an Bhéarla. Is léir freisin go bhfuil lucht róchúng le cur síos ar phobal iomlán daoine a bhfuil, gan amhras, an‑éagsúlacht ina measc.

Roinn an Post seo: