Tugtar coinníoll an amhrais ar , is é sin bíonn amhras ann go dtarlóidh pé rud atá luaite san abairt.

  • Chreidfinn sna sióga dá bhfeicfinn duine acu. (Caolseans go bhfeicfidh.)
  • Má bhíonn Brian anseo amárach, tabharfaidh mé an t-airgead dó. (Seans maith go mbeidh Brian ar fáil.)

Níl aon chiall, mar sin, le leaganacha mar seo thíos:

Dá mbeifeá ag aistriú ón mbaile roimh an 1 Deireadh Fómhair, glaoigh orainn le do thoil.

Is cosúil go bhfuil seans maith ann go mbeidh na spriocléitheoirí ag aistriú cónaí, nó táthar ag iarraidh orthu glaoch a chur. Mar seo ba cheart an abairt a athscríobh:

Má tá tú chun cónaí a aistriú ón mbaile...

Roinn an Post seo: