Bíonn aistritheoirí ag brath an iomarca ar an nath seo (agus ar a ghaol gairid i dtaca le) i dtús abairtí casta. A leithéid seo:

Any material misrepresentation shall lead to the summary termination of this contract.

Maidir le mífhaisnéisniú ábhartha, is é an toradh a bheidh air an conradh seo a fhoirceannadh go hachomair.

Imíonn an t-aistriúchán ón téacs foinseach gan chúis. Ní As regards any material misrepresentation... a bhí sa Bhéarla. Is iomaí aistriúchán níos dílse a d’fhéadfaí a chur ar fáil gan an abairt a bheith doiléir ná deacair:

Is é an toradh a bheidh ar aon mhífhaisnéisiú ábhartha ná an conradh seo a fhoirceannadh go hachomair.

Roinn an Post seo: