Ainm teibí atá i maitheas, a chiallaíonn leas, socharfeabhas. Ní gnách é a úsáid ag trácht ar chaighdeán rudaí.

Cuir i gcás go léifeá leabhar nár thaitin leat agus gur mian leat an méid sin a fhógairt don saol. B’ait le daoine dá ndéarfá Níl aon mhaitheas sa leabhar sin. Ní ráiteas gan chiall atá ann ach is é a thuigfí as nach bhfuil sochar ná tairbhe ar bith sa leabhar. Is deacair an focal simplí a shárú: Níl aon mhaith sa leabhar sin.

Roinn an Post seo: