Tá roinnt bríonna leis an leagan mar gheall ar. Baineadh an dá shampla thíos as An Mothall Sin Ort, le Seán Ó Ruadháin:

  1. Ba bheag bídeach nach raibh éirí amach sa tír mar gheall ar an athrú. (Is é sin, de thoradh ar an athrú.)
  2. Ní mó ná go maith a réitíodh an dá dhream manach le chéile, mar gheall ar cheist seo na Cásca agus b'éigean an scéal a chur ar thaobh éigin ar deireadh. (Is é sin, maidir le ceist na Cásca.)

Ba cheart go mbeadh sé soiléir i gcomhthéacs na habairte cé acu ciall atá i dtreis, ach ní i gcónaí a bhíonn.

It is not possible to obtain a divorce by agreement between the two parties.

Ní féidir colscaradh a fháil mar gheall ar chomhaontú idir na páirtithe.

Shílfeá uaidh sin gurb é an comhaontú idir na páirtithe atá ag cosc orthu colscaradh a fháil. B'fhurasta an abairt a athscríobh agus an débhríocht a chur ar ceal:

Ní féidir teacht ar chomhaontú idir na páirtithe chun go bhféadfaí colscaradh a bheith ann.

 

Roinn an Post seo: