Ní miste cuimhneamh ar bhunbhrí an fhocail mar, is é sin likeas. Tá sampla in Foclóir Gaeilge–Béarla a léiríonn úsáid an fhocail Ghaeilge:

Bhí sé mar athair acu, he acted as a father to them.

Lena rá ar shlí eile, chaith sé leo faoi mar a bheadh a n‑athair féin ann, ach níorbh é dáiríre. Bheifeá in amhras, mar sin, i dtaobh abairtí den chineál seo:

  • Tá sé mar Bhainisteoir Stiúrtha ar an Fhiontarlann Teo.
  • Gráinne atá mar phríomhoide sa scoil anois.
  • Oibríonn sí mar ealaíontóir pobail.
  • Labhair sé mar dhuine príobháideach.

Níl cló dearg ar na samplaí sin mar bheadh faitíos orm a mhaíomh go bhfuil siad mícheart. As English-Irish Dictionary a baineadh an abairt dheireanach agus an t-aistriúchán seo leis: He spoke in his individual capacity. Feictear domsa, áfach, gur dheise an struchtúr ina a úsáid sa chéad dá abairt agus malairt friotail a aimsiú sa dá abairt dheireanacha.

  • Tá sé ina Bhainisteoir Stiúrtha ar an Fhiontarlann Teo.
  • Gráinne atá ina príomhoide sa scoil anois.
  • Is ealaíontóir pobail í.
  • Ina cháil phríobháideach a labhair sé.

Fiú má cheadaítear mar phríomhoide agus a leithéid, ní mór cuimhneamh ar chomhairle Ghearóid Stockman (1996: 56), is é sin nach féidir marina a chur le hainmfhocail chinnte. Tá na samplaí seo thíos mícheart amach is amach:

  • Bhuaigh sé trí chluiche ceannais as a chéile le Gaillimh agus bhí sé mar chaptaen na foirne in 1965 agus 1966. 
  • Agus Margaret Thatcher ag fágáil na polaitíochta sa Ríocht Aontaithe, ceapadh Mary Robinson ina hUachtarán na hÉireann. 

Bhí an lúthchleasaí sa chéad abairt ina chaptaen ar fhoireann na Gaillimhe agus bhí Mary Robinson ina hUachtarán ar Éirinn.

Go han-mhinic, déantar aithris ar an nath Béarla acts/serves as:

  • D’fheidhmigh an t-aerfort mar mhol do chuid mhaith den Eoraip.
  • Gníomhaíonn sé mar uirlis chun pleanáil leanúnach d’ardchaighdeán a chur chun cinn.

Struchtúr copaile ab fhearr san abairt Ghaeilge:

  • Mol do chuid mhaith den Eoraip ba ea an t-aerfort.
  • Uirlis is ea é chun pleanáil leanúnach d’ardchaighdeán a chur chun cinn.
Roinn an Post seo: