Cleas coitianta i dteangacha áirithe is ea inscne an fhocail a athrú chun casadh a chur sa chiall. Ní heol domsa ach focal amháin i nGaeilge a úsáidtear ar an dóigh sin, is é sin méid.

Líonsuim an chiall atá le méid (firinscneach):

  • B’iontach an méid daoine a bhí ann.
  • Déarfaidh mé an méid seo leat…

Rud ait i dtaobh méid nach séimhítear sa tuiseal ginideach é:

  • Caithfimid cur i gcoinne an méid atá sa Bhille seo.
  • Dhéanfadh leath an méid sin cúis.

Toirt nó miosúr an chiall atá le méid (baininscneach):

  • Cén mhéid a chaitheann tú sna bróga?
  • Tá méid mhór sa ghloine sin.

Tá focal eile le cur san áireamh, is é sin méad. Tá méid agus méad trína chéile i gcanúintí Gaeilge ach tá ciall faoi leith le méad de réir an CO. Is ainm teibí céime é a úsáidtear le míreanna mar agus . An uimhir uatha a leanann é i gcónaí:

  • Cá mhéad bliain a chaith tú ansin?
  • Níl saibhreas, dá mhéad, nach gcaitear.

Is é tuiseal ainmneach an ainmfhocail a leanann an t-ainm teibí céime, de ghnáth. Botún thar a bheith coitianta atá ann an t-ainmfhocal a infhilleadh, mar a rinneadh sna habairtí lochtacha seo:

  • Tá sé tugtha faoi deara ag an mbainisteoir, dá mhéad airgid a lorgaíonn siad ar na fáinní, is ea is lú díobh a dhíolann siad. 
  • Dá laghad Fraincise a bhí agamsa, ba mheasa fós m'fhear céile.

Is é ba cheart a scríobh: dá mhéad airgead agus dá laghad Fraincis.

Luaitear eisceacht ar an riail seo in GGBC: 9.6.1:

Ginideach a leanann cá mhéad i gcás ainmneacha ábhair agus ainmneacha teibí: cá mhéad plúir (eolais)?

Riail chaolchúiseach ba dheacair a chur i bhfeidhm, de mo dhóighse.

 

Roinn an Post seo: