Ní hionann ar fad mian agus maith i dtaca le haimsir de. Is é a thuigtear as Ba mhaith liom an cúrsa sin a dhéanamhI would like to do that course. Rud eile a thuigtear as Ba mhian liom an cúrsa sin a dhéanamh, is é sin I wanted to do that course. Samhlaítear mian leis an aimsir chaite.

Tá claonadh sa Bhéarla i leith an mhodha choinníollaigh nuair nach bhfuil aon choinníoll i gceist ar chor ar bith: I would be a great enthusiast for drinking water and would easily drink five pints a day. Níl i gceist leis sin i ndáiríre ach I am a great enthusiast... Tá a thionchar sin le brath, measaim, ar abairtí Gaeilge mar seo:

Ba mhian le Parlaimint na hEorpa aistritheoirí Gaeilge a earcú ar chonradh sealadach. Bheadh na haistritheoirí ag obair i gcuideachta na foirne atá lonnaithe i Lucsamburg.

Ach níl cosc ar an Pharlaimint aistritheoirí a earcú. Níl feidhm le coinníoll ar bith: ach a rá glan díreach go bhfuiltear ag earcú aistritheoirí:

Is mian le Parlaimint na hEorpa aistritheoirí Gaeilge a earcú ar chonradh sealadach. Beidh na haistritheoirí ag obair i gcuideachta na foirne atá lonnaithe i Lucsamburg.

 

Roinn an Post seo: