Is focal diúltach é millteanach, ach oiread le uafásach. Is focal treise atá ann chomh maith; féadann rud a bheith millteanach maith. Corruair, nuair nach bhfuil aidiacht ná cáilitheoir le millteanach, is deacair a dhéanamh amach cé acu ciall atá i dtreis, ciall dhiúltach nó ciall treise:

Ní raibh a leithéid déanta aige [cluiche leadóige a imirt] ó bhí sé ar scoil. Fiú ag an am sin, ba mhillteanach an t-imreoir é.

Theastaigh ón údar a rá gur imreoir lag a bhí ann, ach is geall le moladh Ba mhillteanach an t-imreoir é. B'fhearr rud éigin mar seo: Fiú ag an am sin, is imreoir millteanach lag a bhí ann.

Roinn an Post seo: