Tugtar foirm iolra den ainmfhocal muintir in FGB, ach b’fhearr an cnuasainm seo a choimeád san uimhir uatha. Is ait le léitheoirí samplaí den chineál seo: 

I measc na dteaghlach a shíolraigh ó Niall Naoighiallach, tá muintireacha Uí Chatháin agus Uí Dhochartaigh.

B’fhearr an t-athrá féin ná sin:

I measc na dteaghlach a shíolraigh ó Niall Naoighiallach, tá muintir Chatháin agus muintir Dhochartaigh.

Féach fosta gur muintir Chatháin, muintir Dhochartaigh is gnách a scríobh i gcás sloinnte, murab ionann agus muintir Uí Chatháin, muintir Dhochartaigh. Féach GGBC: 10.8.

Is san uimhir iolra a bhíonn aidiachtaí a cháilíonn muintir: an mhuintir bheaga.

Roinn an Post seo: