Is beag difear idir fuaim an dá fhocal agus agus is minic a bhíonn scríbhneoirí idir dhá chomhairle faoin fhocal ba cheart a úsáid.

  • Dar liom, ní raibh sé ceart nó cóir brú a chur ar cheoltóirí mar seo. (ceart ná cóir)
  • Ná bí beag nó mór leis an gcléir. (beag ná mór)
  • Clúdaíonn an reachtaíocht idirdhealú ar bhonn gnéis, cine, creidimh ná eile. (nó eile)

Faightear an chomhairle seo sna graiméir go léir:

  1. a úsáid in abairtí a bhfuil cor diúltach iontu: Níl bun ná barr air; Níl tásc ná tuairisc uirthi.
  2. a úsáid in abairtí deimhnitheacha agus in abairtí a bhfuil cor ceisteach iontu: Éireoidh leat, luath nó mall; An dtiocfaidh tú nó an bhfanfaidh tú?

Níl de locht ar an treoir sin ach gur deacair dealú glan a dhéanamh idir deimhnitheach agus diúltach nó idir diúltach agus ceisteach. Féach, mar shampla:

I gcríocha na teorann, is annamh duine fásta ná páiste nach bhfuil líofa sa dá theanga.

Bíodh is gur ráiteas deimhnitheach atá in is annamh, tá cor diúltach san abairt, a chuireann síos ar cé chomh gann is atá daoine aonteangacha. I gcás mar sin, ní léir go mbeadh ceachtar den dá fhocal agus níos fearr ná a chéile. Ba dheacair a rá go bhfuil an leagan seo den abairt 'mícheart':

I gcríocha na teorann, is annamh duine fásta nó páiste nach bhfuil líofa sa dá theanga.

Tá ciall, mar sin, le moladh Stockman (1996:82–86) an dá fhocal a cheadú in abairtí den chineál sin agus i gceisteanna reitriciúla:

  • An féidir go bhfuil duine ná daonnaí ann nár chuala trácht air?
  • An féidir go bhfuil duine nó daonnaí ann nár chuala trácht air?

chomh láidir sin i gcanúintí áirithe gur beag nár chuir sé an ruaig ar go huile is go hiomlán:

  • Cuimhnigh nach mbíonn níos mó nó cúig nó sé chloigne fear i mbearaiceacha ‘sna háiteacha cúil seo. 
  • An locht atá agamsa air nó go bhfuil an próiseas iarratais róchasta.

Más téacs lánchaighdeánach a theastaíonn, ba cheart a úsáid mar chónasc in abairtí den chineál sin.

Roinn an Post seo: