Díorthaíodh an focal Béarla navigation ón fhocal Laidine navis (long), ach ní mairnéalaigh amháin a bhíonn ina navigators. An duine atá i gceist san abairt thíos, is ag spaisteoireacht i bhforaois atá sé:

Ó am go chéile, thógadh sé léarscáil amach as a phóca chun loingseoireacht a dhéanamh.

 Dar liom, tá gné na mara níos follasaí sa téarma Gaeilge loingseoireacht ná mar atá san fhocal Béarla navigation. Is ag iarraidh eolas na slí a bhí an siúlóir, nó ag iarraidh a chúrsa a rianú.

Roinn an Post seo: