Tá abairtí den chineál seo, agus ní gann iad, an-lochtach ar fad:

  • Tá an t-am nuair a thiocfadh leat brath ar na páirtithe móra seasamh leat, tá sin thart. (an t-am a thiocfadh leat)
  • Chuimhnigh sé ar an uair nuair a chuaigh siad ar saoire i ndeisceart na Fraince. (an uair a chuaigh siad)

Is léir gur the time when is cúis le an t-am nuair a bheith chomh coitianta agus atá. Ach níl san fhocal nuair ach an t-alt an móide uair, focal atá ar aon bhrí le am.

Roinn an Post seo: