Corruair, roghnaítear an réamhfhocal ó in áit réamhfhocail eile atá dúchasach sa Ghaeilge. A leithéid seo:

  • Is minic a fhaigheann naíonán bás ón ngalar seo.
  • An gcuidíonn caiféin le daoine a chosaint ó ailse?

B'fhearr réamhfhocail eile a chur in áit ó sna habairtí sin:

  • Is minic a fhaigheann naíonán bás den ghalar seo.
  • An gcuidíonn caiféin le daoine a chosaint ar ailse?
Roinn an Post seo: