Is ainm briathartha é obair, mar is léir ó abairtí mar Tá sé ag obair. Bíodh sin mar atá, is annamh a úsáidtear i gclásal infinideach é. B'ait leat abairt mar seo:

Sin iad na huaireanta is fearr liomsa a obair.

An briathar oibrigh is coitianta ina leithéid sin de chás:

Sin iad na huaireanta is fearr liomsa a oibriú.

Tá an leagan malartach oibir iontach coitianta, go háirithe san aimsir chaite: D’oibir sí i monarcha.

Roinn an Post seo: