Is minic na focail seo in aimhréidh.

Comhghairdeas a ghabháil le hoifigí an chontae as ucht an sárobair a dhéanann siad go léir. (le hoifigigh)

Toisc gurb ionann fuaim don dá fhocal seo (taobh amuigh de chanúintí na Mumhan), is minic a bhíonn siad trína chéile i dtéacsanna Gaeilge. Is é atá in oifigí ná uimhir iolra an fhocail oifig (ionad oibre). Ní mór dealú idir sin agus iolra an fhocail oifigeach (feidhmeannach).

Roinn an Post seo: