Nuair a fuarthas amach go raibh teaghlach ríoga na Spáinne ar saoire seilge chonspóideach san Afraic, scríobhadh an méid seo ar iris Ghaeilge:

Is é oighear an scéil nach mbeadh aon chaint ar an turas in aon chor murach gur thit an rí i mbun na seilge agus bhris a chromán.

Ní hé sin ciall cheart an natha oighear an scéil. There’s the rub an sainmhíniú atá in FGB, is é sin le rá, sin an áit a bhfuil an deacracht. Toisc, b’fhéidir, cosúlacht fuaime a bheith idir oighear agus irony, glactar leis gur the ironic part is... an chiall atá leis an nath.

Roinn an Post seo: