Ní furasta dealú idir oiread agus méid. Go minic, nuair is toirtlíon is brí don dá fhocal, is féidir iad a mhalartú ar a chéile. Is ionann brí do Déarfaidh mé an méid seo leat agus Déarfaidh mé an oiread seo leat. Ach is minic a bhíonn gné chomparáideach i gceist le oiread:

  • Dá dtabharfainn sin agus an oiread eile, ó ní raibh mo phas le fáil agam. (Is é sin, an méid a tugadh agus an méid chéanna anuas air sin.)
  • Níl a oiread clú airsean agus atá ar a dheartháir.
  • Tá a sheacht n-oiread ann. (Is é sin, seacht n-uaire níos mó.)

Ní fhéadfaí méid a chur in áit oiread in abairt ar bith acu sin.

Féach chomh maith mar a úsáidtear oiread sna habairtí seo:

  • Bhí oiread oilc ar na heagraíochtaí faoin ráiteas úd gur éiligh siad go dtarraingeofaí siar é.
  • Go deimhin, bhí oiread muiníne ag a bhainisteoir Ger Loughnane as, gur roghnaigh sé uair amháin Brian a fhágáil ar an bpáirc agus é leonta.

Sa dá shampla sin, tá oiread i dtús na habairte (an príomhchlásal). Leanann clásal eile (an clásal iarmhartach) a mhíníonn an toradh a bhí ar pé faisnéis atá luaite sa phríomhchlásal. Arís, ní fhéadfadh méid a chur in áit oiread sna habairtí samplacha thuas.

Botún coitianta a dhéantar in abairtí den chineál seo ná an méid sin a scríobh seachas oiread. Ní bheadh aon locht air sin dá mbeadh méid áirithe luaite cheana:

D’iarr sé céad euro orm ach ní raibh an méid sin airgid agam.

Ach níor cheart an struchtúr sin a úsáid i gcás nach bhfuil an méid luaite cheana.

  • Tá an méid sin míthuisceana ann gur shocraíomar suirbhé simplí a eagrú. 
  • Ó am go chéile, ámh, bíonn an méid sin fuatha ag daoine don sealbhóir go dteipeann air sa toghchán. 

Is mar seo ba cheart na habairtí sin a athscríobh:

  • Tá an oiread sin míthuisceana ann gur shocraíomar suirbhé simplí a eagrú. 
  • Ó am go chéile, ámh, bíonn an oiread sin fuatha ag daoine don sealbhóir go dteipeann air sa toghchán. 
Roinn an Post seo: