Nuair a bhíonn partialpart le haistriú i dtéacs neamhfhoirmeálta, ní miste an leagan traidisiúnta leath a úsáid, ach níl sé sách cruinn le haghaidh riachtanais na teanga foirmeálta:

  • Leath-thumadh (partial immersion)
  • Leath-aisíocaíocht (partial refund)

Bheadh leath díreach ceart dá mba rud é gur semi-immersionhalf repayment a bheadh sa Bhéarla. Ach ba chruinne an réimír páirt a úsáid chun freastal ar leaganacha den chineál sin:

  • Páirt-tumadh
  • Páirt-aisíocaíocht
Roinn an Post seo: