Is focail úsáideacha iad poitéinseal agus poitéinsiúil ach iad a úsáid sa chomhthéacs cheart. Go rómhinic, glactar leis gur aistriúchán sásúil ar potential iad i ngach uile chomhthéacs.

  • Ba é feidhm an tseimineáir ná ról poitéinsealach spaisteoireachta agus rothaíochta a aithint sa pholasaí iompair náisiúnta agus idirnáisiúnta.
  • Is eagraíocht an-phroifisiúnta agus an-chairdiúil í an chuideachta Cosmo, a chuidíonn leat do phoitéinseal a bhaint amach agus a bheith rathúil.

Sa chéad abairt thuas, níl aon ghné den chiall nach dtabharfaí slán in abairt shimplí mar an ról a d’fhéadfadh a bheith ag an spaisteoireacht agus ag an rothaíocht. Sin mar is fearr a chuirtear an ghné choinníollach in iúl sa Ghaeilge – b’fhéidir go mbeadh a leithéid de ról ann, b’fhéidir nach mbeadh.

Maidir leis an dara habairt: tá nathanna mar realise your potential ina mantra síoraí i bhfógráin earcaíochta agus oiliúna, ach is beag brí atá san aistriúchán Gaeilge do phoitéinseal a bhaint amach. B’fhearr don aistritheoir féachaint le ciall an natha Béarla a aimsiú i dtosach. Cén chiall atá le realise your potential ach lán do chumais a bhaint amach?  B’fhearr go mór, dar liomsa, an parafrása sin a úsáid.

Úsáidtear potential ar bhealach eile sa Bhéarla, mar shampla She is a young politician of great potential. B’fhearr liom féin poitéinseal a fhágáil as, nó tá bealaí eile sa Ghaeilge chun an coincheap a chur in iúl: Polaiteoir óg is ea í a bhfuil an-ghealladh fúithi.

Nó féach mar a dhéileáil Tomás de Bhaldraithe leis an choincheap potential ina fhoclóir siúd:

  • A potential officer / Ábhar oifigigh
  • Potential resources of Africa / Acmhainní insaothraithe na hAfraice.
Roinn an Post seo: