Clódóir atá sa duine a bhfuil sé de shlí bheatha aige/aici ábhair a chur i gcló. Tá cúpla focal Gaeilge ann i gcomhair an mheaisín. Tá clóire tugtha in FGB ach is coitianta go mór anois printéir.

  • Siar in 2002 bhí costas €60,000 ar chlódóir priontála 3D agus anois gheofá ceann ar €10,000. 
  • Déanfar gach iarracht an fhoirm iarratais a choinneáil chomh simplí agus is féidir. Rachaidh an Roinn i gcomhairle leis na páirtnéirí sóisialta sula seolfar ar aghaidh go dtí na printéirí í. 

Bheadh na habairtí sin níos beaichte ach iad a athscríobh mar seo:

  • Siar in 2002 bhí costas €60,000 ar phrintéir 3D agus anois gheofá ceann ar €10,000. 
  • Déanfar gach iarracht an fhoirm iarratais a choinneáil chomh simplí agus is féidir. Rachaidh an Roinn i gcomhairle leis na páirtnéirí sóisialta sula seolfar ar aghaidh go dtí na clódóirí í. 

 

Roinn an Post seo: