Malartaítear go príomha le go háirithe amhail is gurb ionann ciall dóibh. Fiú amháin nuair a úsáidtear go príomha sa chiall cheart, is minic gurbh fhearr gnáthleagan seachas an dobhriathar:

  • Cé atá freagrach go príomha as an seicteachas frith-Ghaeilge sa Tuaisceart? (Cé is mó atá ciontach...)
  • Scríobhadh an t-ogham go príomha ar chlocha cuimhneacháin agus ar ghalláin. (Ar chlocha cuimhneacháin agus ar ghalláin, den chuid is mó, a scríobhtaí...)

Aidiacht shimplí is ea príomha chomh maith. Úsáidtear go minic é i dteanga shainfheidhme na matamaitice agus an dlí, mar shampla uimhir phríomha (prime number), fianaise phríomha (primary evidence). Níl an úsáid sin ró-oiriúnach i gcás na ngnáthfhocal sna habairtí seo thíos:

  • Is é aidhm phríomha na lonnaíochtaí seo ná leibhéal reatha an daonra a choinneáil agus a mhéadú. (príomhaidhm)
  • Is é tionscail an adhmaid is príomha a thugann luach eacnamúil d’fhoraois. (is mó, thar aon ní eile)
Roinn an Post seo: