Ba é an t-ainm a bhaist cuid de na meáin Ghaeilge ar The Progressive Democrats, tráth a bunaíodh iad sa bhliain 1985, Na Daonlathaigh Fhorchéimnitheacha. Ba lán béil é sin, agus ba ghairid gur tosaíodh ar An Páirtí Daonlathach a úsáid. Inniu, is é forásach an aidiacht is coitianta a deirtear le páirtí nó teagasc nó teoiric éigin chun a thabhairt le fios go bhfuiltear ag iarraidh an tsochaí a leasú. Is mó a bhaineann forchéimnitheach le teanga shainfheidhme an leighis (pairilis fhorchéimnitheach) agus an riaracháin (cánachas forchéimnitheach). Is próisis leanúnacha iad sin, a tharlaíonn céim ar chéim.

Dar liomsa, b’fhearr gnáthfhocal a roghnú chun an coincheap a chur in iúl i dtéacsanna neamhtheicniúla agus abairtí den chineál seo a sheachaint:

Cathair fhorchéimnitheach mhuiníneach atá i mBarcelona.

Is leor a rá gur cathair í Barcelona a bhfuil a haghaidh roimpi.

Roinn an Post seo: