An dá chiall is mó a bhaineann leis an fhocal Béarla property

(1) an méid atá i seilbh duine agus

(2) real estate.

Freagraíonn maoin go han-mhaith don chéad chiall ach is le dua a thuigfeadh léitheoir ar bith gur real estate atá i gceist i leaganacha mar property tax/cáin mhaoine. Mheasfadh a lán daoine gur wealth tax é sin.

Baintear úsáid corruair as leaganacha timchainteacha mar tithe agus talamh ach níl siad sin thar mholadh beirte. Ní hamháin go bhfuil siad fadálach ach ní chuimsíonn siad árasáin ná foirgnimh a úsáidtear chun críche tráchtála. Réiteach ar an fhadhb is ea réadmhaoin a úsáid chun trácht ar real estate: Irish Property Owners’ Association/Cumann Úinéirí Réadmhaoine na hÉireann.

Roinn an Post seo: