Is furasta don Bhéarlóir péire réamhfhocal (nó níos mó ná sin) a chur roimh ainmfhocal gan cur as do chiall ná do chruinneas na habairte:

  • Trains to and from Dublin.
  • With or without an appointment.

Ní oireann an múnla sin go rómhaith don Ghaeilge.

  • Le nó gan choinne.
  • Traenacha go agus amach as Baile Átha Cliath.
  • Ba cheart tacaíocht do, nó easaontas le, gluaiseachtaí polaitiúla a chur in iúl go síochánta, stuama.

Tá roinnt bealaí ann chun a leithéid d'abairt a scríobh i nGaeilge. Is féidir, mar shampla, forainm a úsáid:

Traenacha go Baile Átha Cliath agus amach as.

Nó is féidir an t-ainmfhocal a athrá:

Le coinne nó gan choinne.

Nó dul i muinín struchtúr eile ar fad:

  • Bíodh coinne agat nó ná bíodh.
  • Is go síochánta stuama ba cheart tacú nó easaontú le gluaiseachtaí polaitiúla.

Luaigh Séamas Daltún (Maidir le do Litir: 75) eisceacht air sin, is é sin an réamhfhocal comhshuite agus na réamhfhocail shimplí a leanann an tuiseal ginideach iad, mar shampla Bhí sé i mbun, i mbarr, agus i lár an achrainn.  

Is minic a chuirtear faisnéis réamhfhoclach i ndeireadh na habairte Gaeilge, bíodh is go raibh sí in áit eile ar fad san abairt Bhéarla:

An age-appropriate, clean and safe work surface.

Dromchla oibre atá glan, sábháilte agus oiriúnach don aoisghrúpa lena mbaineann.

Roinn an Post seo: