Is gnách an tríú pearsa uatha firinscneach a chur roimh na míreanna taispeántacha seo, sin, siúd in abairtí mar seo thíos: 

  • Mar thoradh ar sin, is léamh claonta, easnamhach ar stair, ar shaíocht agus ar pholaitíocht na hÉireann a chuirtear inár láthair. (air sin)
  • Scríbhneoir, craoltóir, gníomhaí, ach thar sin uile, é fuinte agus fáiscthe i meon sin ‘Tabhair Faoi’. (thairis sin)
  • I leith na bliana reatha agus na bliana roimh sin. (roimhe sin)
  • Ar bhinse na bhfear ionad freisin tá Nollaig O Laoire, agus beidh súil le siúd ar pháirc an imeartha Dé Domhnaigh. (leis siúd)

Is fíor nach gcloistear deireadh an fhocail leis nuair a thagann mír thaispeántach dar tosach s ina dhiaidh, mar atá san amhrán An Baile atá Láimh le Siúd. Is fíor fosta gur tháinig ann don choinbhinsiún scríbhneoireachta seo in éagmais treoir chinnte sna foinsí tagartha; ní mhínítear é in áit ar bith, go bhfios domsa. Bíonn leis sin agus le sin le fáil i leaba a chéile sna seanleabhair. 

Is minic a théann scríbhneoirí in abar i gcás réamhfhocail chomhshuite a bhfuil míreanna taispeántacha ina ndiaidh:

  • Ba de bharr sin a bhaineamar an cluiche. (dá bharr sin)
  • Bhí sí le feiceáil ina lán cláracha tar éis sin, agus ansin d’éirigh sí as. (tar a éis sin)

Is réamhfhocail chomhshuite iad de bharr agus tar éis. Is gnách go leanann an tuiseal ginideach a leithéid, mar shampla de bharr na haimsire, tar éis na stoirme. Tá go breá, ach ní féidir na míreanna taispeántacha (sin, seo, siúd) a infhilleadh. Ná ní féidir na forainmneacha (é, iad etc.) a infhilleadh ach oiread. 

Caithfear cuimhneamh ar an dá riail seo:

  1. Más mír thaispeántach atá i gceist, úsáidtear an tríú pearsa uatha firinscneach i gcónaí: dá bharr sin, tar a éis sin, lena linn seo.
  2. I gcás forainm, glacann an aidiacht shealbhach uimhir agus inscne an fhorainm:
  • I ndiaidh + éina dhiaidh
  • I ndiaidh + í = ina diaidh
  • I ndiaidh + iad = ina ndiaidh.
Roinn an Post seo: