Tá nós sa Bhéarla na focail department, division agus section a úsáid faoi mar b’ionann ciall dóibh. Ní bhíonn lucht na Gaeilge a dhath níos beaichte maidir le roinn, rannóg agus rannán.

Is socrú úsáideach é seo:

  • Roinn a úsáid le haghaidh department de ghnáth, mar shampla An Roinn Gnóthaí Eachtracha, Roinn na Spáinnise. 
  • Rannóg a úsáid le haghaidh department nuair is eol gur cuid d’eagraíocht atá ann, mar shampla Rannóg na gClár Gaeilge, RTÉ.
  • Ní miste rannóg a thabhairt ar division agus ar section araon, ach amháin i gcás go gcaithfí dealú eatarthu, mar shampla le linn duit a bheith ag déanamh cur síos ar leagan amach eagraíocht stáit. Sa chás sin, rannán is fearr a thabhairt ar division
Roinn an Post seo: