Tá claonadh ag scríbhneoirí Gaeilge an aidiacht rathúil a úsáid amhail is go bhfuil sé coibhéiseach le successful an Bhéarla. Ach ní hionann an dá fhocal, nó ní hionann ar fad iad. Iad siúd a bhíonn rathúil, bíonn an t-ádh orthu agus bíonn siad ina sáith den saol. Fiú má ghlactar leis go bhfuil casadh curtha i gciall an fhocail rathúil le blianta anuas, b'ait leat abairtí mar seo:

  • Cé go bhfuil siad ag céimeanna éagsúla dá gcláir faoi seach, rinne an dá thír iarracht rathúil chun dul isteach sna margaí arís.
  • Beidh an t-iarrthóir rathúil freagrach as tionscadail taighde a stiúradh.
  • Ag deireadh an aonaid seo, beidh na daltaí ábalta a n-iarratais ar phoist agus a n-agallaimh a dhéanamh níos rathúla.

Bheadh na habairtí thuas níos soiléire, dar liom, ach friotal eile a chur in áit rathúil:

  • Cé go bhfuil siad ag céimeanna éagsúla dá gcláir féin, d'éirigh leis an dá thír dul isteach sna margaí arís.
  • Beidh an té a cheapfar freagrach as tionscadail taighde a stiúradh.
  • Faoi dheireadh an aonaid seo, is fearr a bheidh na daltaí in ann agallaimh agus iarratais ar phost a dhéanamh.
Roinn an Post seo: