Is mar ainm briathartha seachas mar bhriathar a chuirtear síos ar reáchtáil in FGB. Fágann sin nach mbíonn scríbhneoirí ar aon aigne faoi fhoirm an bhriathair in aimsirí agus i modhanna éagsúla. Is iomaí litriú ar an saorbhriathar san aimsir chaite, mar shampla.

  • Reáchtáileadh Pléaráca Chonamara don chéad uair sa bhliain 1991.
  • Mí Aibreán, 1935, a reáchtálaíodh an chéad chruinniú de Choimisiún Béaloideasa Éireann i mBaile Átha Cliath.

Is é reáchtáladh an gnáthlitriú. Déantar an briathar a réimniú anseo.

Roinn an Post seo: