Is deacair dealú beacht a dhéanamh idir réasúnta agus réasúnach. Go deimhin, tá réasúnach tugtha mar leagan malartach de réasúnta in FGB, rud a léiríonn an gaol gairid idir an dá fhocal. Is é is duine réasúnta ann ná duine stuama a thugann breithiúnas cothrom ar rudaí. Is ionann duine réasúnach agus duine a ghníomhaíonn de réir réasúin nó a bhaineann úsáid as an acmhainn réasúnaíochta atá ag gach duine. Bheadh focal ar bith acu inghlactha sna habairtí seo thíos:

  • Déarfaidh daoine réasúnta go bhfuil mótarbhealaí riachtanach ach nár chóir agus nár ghá go gcuirfí isteach ar na láithreáin seo.
  • Duine réasúnach mé,’ar sé le m’athair. ‘Ní bhíonn uaim ach bolgam rum, bagún is uibheacha, agus radharc amach ar an bhfarraige ó m’fhuinneog.'

Is fearr réasúnta a úsáid sa chiall 'gan a bheith iomarcach nó thar fóir'

Féadfar an t-iarratas pleanála a iniúchadh nó a cheannach ar tháille nach mó ná an costas réasúnach a bhainfidh le cóip a dhéanamh. (réasúnta)

Saintéarma fealsúnachta is ea réasúnaíoch a chiallíonn rationalistic, is é sin ag brath ar an réasún amháin chun teacht ar thuiscintí faoin saol agus a bhfuil ann.

Roinn an Post seo: