Níl aon locht ar reatha a chur le hainmfhocal chun an chiall láithreach, den lá inniu a chur in iúl, mar shampla cúrsaí reatha, an Taoiseach reatha. Corruair, d’fhéadfaí reatha a fhágáil ar lár gan dochar ar bith do chiall na habairte:

Cháin sé ‘neamhshuim’ an Rialtais reatha. (Mura bhfuiltear ag déanamh comparáid idir an Rialtas sin agus Rialtais a bhí ann roimhe.)

Amanna eile, ba dheise malairt friotail a aimsiú:

Mumbai an t-ainm reatha a thugtar ar an gcathair a dtugtaí Bombay uirthi.

Ba dheise, dar liomsa, an t-athleagan seo:

Inniu, is Mumbai a thugtar ar an gcathair a dtugtaí Bombay uirthi.

 Ní aidiacht é reatha, agus ní féidir níos is a chur leis chun breischéim ná sárchéim a chur ar fáil:

Faigh an nuacht is reatha ó Pharlaimint na hEorpa inár dteanga dúchais! (an nuacht is déanaí)

Roinn an Post seo: