Ní hionann ar fad roinn na Gaeilge agus share an Bhéarla. Cinnte, is féidir bia, airgead nó aon ní atá in-ranna a roinnt, ach is ait linn abairtí mar seo:

I gcéad focal nó níos lú, roinn do thuairimí linn sa cheistneoir seo.

Cé go mbeadh faitíos orm a rá go bhfuil an leagan thuas mícheart amach is amach, ba dheise cuir do thuairimí in iúlnocht do thuairimí nó a leithéid.

Roinn an Post seo: