Tá roinnt bríonna le freedom sa Bhéarla. An dá bhrí a bhaineann le hábhar anseo ná (1) an rud ar a dtugann an Francach liberté agus (2) easpa dua ná constaicí. Freagraíonn saoirse don chéad bhrí sin agus freagraíonn saoráil don dara brí, is é sin rud a bheith indéanta nó le fáil go réidh. Is beag ciall, mar sin, atá leis an abairt thíos.

San áireamh bhí tionscadal bainistíochta, acmhainní daonna, airgeadais agus saoirse faisnéise. (saoráil faisnéise)

Tá blas sách oifigiúil ar saoráil. Is annamh a scríobhtar é gan a pháirtí faisnéise a bheith leis.

Leagan malartach den ainmfhocal saoirse is ea saoirseacht, de réir threoir FGB.

Roinn an Post seo: