Tá roinnt míthuiscintí coitianta ann i dtaobh scéal agus scéala. Tuigtear do dhaoine gurb é scéala foirm iolra an fhocail scéal. Ní hamhlaidh atá: is é scéalta foirm iolra an ainmfhocail scéal. Ní fíor ach oiread gur leagan malartach de scéal is ea scéala. Is focal faoi leith atá ann a bhfuil a iontráil féin aige in FGB.

An bhfuil difear céille idir scéal agus scéala, mar sin? Is mar seo a rinne an tAthair Peadar Ó Laoghaire cur síos air:

The word scéala means an account or intimation. Tháinig scéala, word came; cuir scéala chuige, send him word, not send him stories.                                     Notes on Irish Words and Usages: 96.

Níl an dealú céille chomh glan agus a thug an tAthair Peadar le fios (nó níl inniu, ar aon nós). Tá na bríonna account agus word ag baint le scéal chomh maith. Is beag duine a gheobhadh locht ar Tháinig scéalCuir scéal chuige.

Bíodh sin mar atá, ní bheadh dealramh ar bith ar Suigh síos agus inis scéala dom ná Le scéala fada a dhéanamh gairid.

Roinn an Post seo: